Ireland – Internal audit services – Seirbhísí Iniúchóireachta Inmheánaí trí mheán na Gaeilge COGG An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
🇮🇪An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaiochta·Ireland
Full Description
Ba mhian le COGG soláthraí seirbhíse a cheapadh le Seirbhísí Iniúchóireachta Inmheánaí trí mheán na Gaeilge a sheachadadh. Bainfidh na cúraimí seo le ról an Iniúchóra Inmheánaigh: measúnú riosca na heagraíochta, plean iniúchta 3 bliana a ullmhú agus chur i láthair do Choiste Iniúchóireachta agus Riosca, agus a bheidh le hathbhreithniú agus le faomhadh acusan. Déanfaidh an soláthraí seirbhíse an plean aontaithe a chur i bhfeidhm agus a sheachadadh de réir an sceidil a leagfar amach, mar aon le tuairiscí tráthúla a ullmhú, lena n-áireofar moltaí chun feabhais ar choráis inmheánacha agus comhairle ghairmiúil ar nithe sonracha i réimse na hiniúchóireachta inmheánaí. Tabharfaidh an t-Iniúchóir Inmheánach ráthaíocht trína chuid oibre, go bhfuil COGG géilliúil agus ag comhlíonadh a cuid dualgas agus freagrachtaí, ag caighdeáin a thagann le dea-chleachtais, agus go bhfuil córas éifeachtach ag feidhmhiú maidir le rialú inmheánach airgeadais. Ag teacht leis an sceideal aontaithe, beifear ag súil go ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse trí cinn d’iniúchtaí inmheánacha trí mheán na Gaeilge in aghaidh na bliana.
CPV Codes
79212200CPV 7921220079212000CPV 7921200079212100CPV 79212100